Múinteoirí ag múineadh an Chorpoideachais trí mheán na Gaeilge

A chairde, táimid ag iarraidh sonraí múinteoirí atá ag múineadh an Chorpoideachais trí mheán na Gaeilge a bhailiú. Is é an aidhm laistiar dó seo ná go mbeimid in ann pobal cleachtais a chruthú agus beimid in ann féidearthachtaí a shainaithint chun tacú libh. Ba mhaith leis an PEAI bealaí a fhiosrú chun tacú le múinteoirí atá ag múineadh an Chorpoideachais i nGaelcholáistí agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta.
Bheimis an-bhuíoch díbh as cúpla nóiméad a chaitheamh ag comhlánú na foirme seo.
Stiofán Ó Mórdha, Leasuachtarán, Cumann Corpoideachais na hÉireann.